| – Foireann – | |||||||||||||
| – Foilseacháin / Leabhair ar díol – | |||||||||||||
| – Nuachtlitir – | |||||||||||||
| – Naisc – | |||||||||||||
| – Gailearaí – | |||||||||||||
|
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí Co. Chiarraí Fón: +353 (0)66 915 6100 Facs: +353 (0)66 915 6348 Ríomhphost: eolas@cfcd.ie |
CÚRSAÍ OILIÚNA DO DHAOINE FÁSTA I gCORCA DHUIBHNE

Deineann Oidhreacht Chorca Dhuibhne freastal ar fhoglaimeoirí Gaoluinne ag gach aon leibhéal líofachta, ó Ghlantosnaitheoirí go dtí an Ardleibhéal agus go dtí Cúrsaí Oiliúna Teanga do Chainteoirí Gaoluinne. Reachtáltar na cúrsaí seo ar fad i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh, i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus áit a bhfuil cáil air maidir lena áilleacht is saibhreas seandálaíochta.
Ar na cúrsaí a reachtáltar tá:
- Clár Ranganna Gaeilge Geimhridh do Dhaoine Fásta (pobal Chorca Dhuibhne)
- Clár Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta (Clár an tSamhraidh & Clár na Bliana reatha fé iamh)
- Sainchúrsaí Gaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile a oileadh lasmuigh den Stát
- Cruinnscríobh na Gaeilge
- Sainchúrsaí Oiliúna i réimse an Oideachais
- Cúrsa Dioplóma sa Ghaoluinn (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
- Cúrsa Dioplóma san Aistriúchán (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
- Cúrsa Dioplóma i Léann an Traidisiúin (i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
- Cúrsa Dioplóma sna Dána (Seirbhísí Teanga agus Forbairt Leanaí)(i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)

