Pleanáil Teangan
Tuigtear anois níos mó ná riamh a leochailí is atá cúrsaí teangan sna Gaeltachtaí i láthair na huaire is a thábhachtaí is atá sé go mbeadh plean struchtúrtha cuimsitheach teanga ag na pobail Ghaeltachta féin le tacú leis an nGaoluinn, má tá sí le maireachtáil mar theanga phobail. Áirítear Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar cheann des na Gaeltachtaí is láidre sa tír ó thaobh teanga de. Ag an am gcéanna, áfach, ní mór bheith gníomhach i gcónaí chun beartais a fhorbairt a dhéanfaidh leas na teanga mar theanga phobail, mar theanga an teaghlaigh is mar theanga scoile. Dírítear aird ar a leithéid i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002), áit a moltar do mhuintir na Gaeltachta féin cinneadh cinniúnach a dhéanamh fén dteanga agus ról lárnach a ghlacadh chucu féin i slánú na teanga, go háirithe má tá ag teip ar iarrachtaí an Stáit an teanga a chur chun cinn. Tá práinn leis an gcinneadh sin i bhfianaise a bhfuil ráite sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).
Tá aitheantas bainte amach ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus ag scéimeanna teangan dá cuid ó bunaíodh í i 1980. Bíonn an eagraíocht lárnach ins gach aon díospóireacht a bhíonn ar siúl maidir le todhchaí na teangan sa cheantar seo. Tuigtear go maith a thábhachtaí is a leochailí ‘s atá todhchaí na teanga don bpobal agus is dá bharr sin a thugtar gach aon chabhair agus tacaíocht gur féidir do ghrúpaí agus do dhaoine aonair chun iad fhéin a spreagadh agus a láidriú ó thaobh na Gaeilge. Ar na gnéithe den bPleanáil Teangan a bhfuil baint ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne leo tá:
- Oiliúint sa bhFeasacht Teanga
- Forbairt Scéimeanna Teanga
- Pleanáil Teanga sna Réimsí Oideachais, ón Luathoideachas go dtí an Tríú Leibhéal
- Pleanáil Teanga sa phobal, idir óg is aosta
- Scéim na gCúntóirí Baile
- Tús Maith: Scéim na gCuairteoirí Baile
Tuilleadh eolais
Caitríona Ní Chathail,
Oifigeach Oideachais
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí.
caitriona@cfcd.ie
|