TOGRAÍ EALAÍNE, CEOIL & LITRÍOCHTA

Cuid den ról atá ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ná teanga agus cultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a chur chun cinn trés na hEalaíona Dúchasacha. Eagraítear imeachtaí cultúrtha do phobal na leithinise, idir óg is scothaosta. Ar na himeachtaí cultúrtha sin tá tograí Amhránaíochta, Ceoil, Litríochta, Rinnce, Ealaíne & Scéalaíochta a bhíonn á reachtáil i rith na bliana:
- Scéim Chónaitheach don Amhránaí ar an Sean-nós.. Tá Amhránaí Cónaitheach ag obair i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Chorca Dhuibhne le tamall de bhlianta agus í i mbun an cheoil a thabhairt don chéad ghlúin eile de amhránaithe óga i gCorca Dhuibhne.
- Foilsíodh an pacáiste amhránaíochta dar teideal Tídil Eidil Éro sa bhliain 2009 i gcomhar le Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Amhránaithe óga Chorca Dhuibhne atá páirteach i dtaifead na nAmhrán ar an Sean-nós is mó atá ag pobal Chorca Dhuibhne.
- Ceardlanna Amhránaíochta do dhaoine fásta is do dhaoine óga a eagrú agus tacaíocht a thabhairt do ócáidí pobail is dos na féilte áitiúla, Scoil Cheoil an Earraigh, Baile an Fheirtéaraigh, mar shampla. Leanfar leis an bpolasaí chun cur le stór amhrán amhránaithe an cheantair agus chun amhránaithe nua a thabhairt chun cinn agus iad a chur i dtreo Chomórtaisí an Oireachtais.
- Club Ceoil don aos óg. Is fiú a oiread deiseanna agus is féidir a thabhairt dos na daoine óga a gcuid ceoil a chleachtadh go neamhfhoirmeálta. Bíonn na ceoltóirí páirteach in ócáidí pobail agus tá súil go dtiocfaidh banna ceoil chun cinn de réir a chéile.
- Ceardlanna Rince Seite a reachtáil ó am go chéile. Cuireann an rince go mór le saol sóisialta an phobail.
- Togra Scéalaíochta. Beidh cuairt á thabhairt ar scéalaithe aitheanta sa phobal ar bhunscoileanna an cheantair le linn 2011 mar chuid de thogra chun an scéalaíocht thraidisiúnta a fhorbairt san aos óg.
- Scríbhneoir Cónaitheach. Beidh an scríbhneoir cónaitheach ag obair i bpáirt le daltaí iarbhunscoile Chorca Dhuibhne chun an léitheoireacht, an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an bhlagáil a chur chun cinn.
An Litríocht & An Scríbhneoireacht Chruthaitheach.
- Scéimeanna Léitheoireachta / Scríbhneoireachta do dhaoine fásta is do dhaoine óga. Tá gá ag a leithéid chun go bhfaighfear taithí ar an léamh agus ar an scríobh ina dhiaidh san. Braitear ná fuil dóthain léitheoireachta á dheanamh ag an aos óg chun go dtiocfaidh feabhas ar an scríbhneoireacht chruthaitheach. Caithfear ábhar léitheoireachta oiriúnach a sholáthar dóibh sara gcuirtear na daoine óga féin ag scríobh, mar is beag a léitear i ndáiríre, in aon teanga, lasmuigh den scoil.
|
|
Go Barr
An Béaloideas agus an Scéalaíocht
Beidh súil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ealaín na scéaltóireachta a fhorbairt tré Scéimeanna Scéalaíochta a eagrú i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Chorca Dhuibhne. Beidh an obair seo ag tógaint ar an obair atá déanta cheana féin le Roibeard Ó Cathasaigh ón Aonad Forbartha Curaclaim i gColáiste Mhuire gan Smál le foilsiú Scéilín ó Bhéilín agus Rabhlaí Rabhlaí.
- Níl an traidisíun scéalíochta láidir agus ní cás spreagadh agus breis cabhrach a sholáthar do mhúinteoirí chun scéalaithe óga a thabhairt chun cinn. Beidh gá le rogha scéalta oiriúnacha a aithint dos na haoisghrúpaí éagsúla agus ócáidí airneáin a eagrú.
|
|
Go Barr
Na hAmharcealaíona
- Is cuid de thraidisiún ealaíne Chorca Dhuibhne anois é Fhéile na Cásca, taispeántas ealaíne bliantúil a reachtáltar do ealaíontóirí an cheanntair. Beifear ag leanúint leis an dtaispeántas seo toisc an ardán a thugtar d’ealaíontóirí ar bheagán costais. Mealltar ealaíontóirí go Corca Dhuibhne agus filleann ealaíontóirí ar an bhfód dúchais go minic, mar shampla, Liam Ó Néill agus Tomás Ó Cíobháin. Dá mhéad taispeántaisí a bhíonn ar siúl i gCorca Dhuibhne, níl ceann ar bith chomh pobalbhunaithe le Féile na Cásca.

- Leanfar leis na Scéimeanna Amharcealaíona ins na scoileanna. Cuirtear am ar leataoibh gach aon bhliain in aon bhunscoil déag do pé togra a roghnaítear do Fhéile na Cásca. Fostaítear triúr ealaíontóirí chun dul ag obair leis na múinteoirí agus leis na daltaí maidir leis an dtéama. Leanfar leis an bpolasaí seo mar tá caighdeán na hoibre ag dul i bhfeabhas in aghaidh na bliana. Beidh súil leis an nasc láidir atá ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le healaíontóirí is le múinteoirí an cheanntair a threisiú amach anseo.
Deintear Campa Ealaíne Samhraidh a eagrú ar feadh coicíse i mí an Mheithimh i mBrú na Gráige i mBaile an Fheirtéaraigh. Bíonn an campa ag freastal ar dhaltaí meánscoile na háite ó bhliain 1 & 2 agus ar aghaidh sa mheánscoil.
- Le blianta beaga anuas tá cúrsa ar Stair na hEalaíne á dhéanamh ag pobal Chorca Dhuibhne agus turasanna á dtabhairt ar an cathracha móra ealaíne san Eoraip, an Véinéis, Florence agus Barcelona, mar shampla.
|
|
Go Barr
Tograí Béaloidis
- Acmhainn iontach oidhreachta í an teanga bheo. Tá an Ghaoluinn i measc na dteangacha is ársa in Iarthar na hEorpa agus tá litríocht bhéil aici a théann i bhfad siar. Dúshlán is ea é an traidisiún sin a chothú is a chur chun cinn agus an t-ábhar béaloidis a thaifead dos na glúinte atá le teacht.
Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Aonad Forbartha Curaclaim i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh ó 1991 agus le múinteoirí bunscoile Chorca Dhuibhne chun gnéithe den insint bhéil thraidisiúnta, an scéalaíocht, rannta do leanaí is amhráin a shní le taithí oideachasúil an aosa óig. ‘Sé Roibeard Ó Cathasaigh Stiúrthóir na dtograí éagsúla. Tá Scéilín ó Bhéilín ar cheann des na foilseacháin ghleoite a d’éirigh as an gcomhfhiontar sin. Baineadh úsáid as Bailiúchán Béaloidis na Scol a deineadh insna triochaidí insan obair seo.
|
|
Go Barr