Abair Os Ard É

10.00

Chuaigh buíon cróga ó Chorca Dhuibhne ar chonair an phinn, agus tá toradh na hoibre luachmhara le léamh sa chnuasach álainn seo. Chruinnigh idir fhir is mná chun ceardlainne. D’eascair an fhilíocht  sa leabhar as an tréimhse a chaitheadar i bhfochair a chéile, ag tabhairt spreagadh dá chéile agus iad sásta  a ndánta a rá os ard. is a chur os comhair an phobail.  Croí máthar ag corraí le saolú linbh, bothántaíocht sa ré atá imithe, ómós do dheirfiúr, caoineadh fé athrú aeráide, ceiliúradh grá agus agus mórtas áite i measc iliomad téamaí éagsúla atá idir na clúdaigh a chuireann leis an gcorpas cruthaitheach  liteartha a thainig agus atá fós ag teacht as an leithinis álainn seo. Fáilte roimis na filí nua agus go leanfaidh siad ag saothrú sna blianta amach romhainn.

Additional information

Weight 0.1 kg