Orla Uan ar Scoil

10.00

ISBN: 9780906096192

“Tá Orla Uan ar ais agus an babhta seo caitheann sí lá ar scoil lena cara Ruairí. Éist léithe, bí léithe agus í ag foghlaim rince agus amhrán ar scoil”. Sin mar a chuireann údar an scéil, Eibhlín Uí Iarlaithe, síos ar Orla Uan ina leabhar ar eachtraí Orla is a cara Ruairí agus iad ag dul ar scoil i dteannta a chéile, ag foghlaim rince is amhrán. Seo é an tarna leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín. Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht, de bharr breoiteachta, sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí agus Mo Ghúna Síoda Buí, iad araon foilsithe ag Coiscéim. Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a mhaoinigh.

Orla Uan is the story of a lamb who befriends a young boy called Ruairí from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry. It is the first book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Ruairí and his friend, Orla the lamb. This time around they attend school together and learn to sing and dance at school. Eibhlín, a former primary school teacher is also the author of two poetry books for children, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010).

Additional information

Weight 0.5 kg