{"version":"1.0","provider_name":"Oidhreacht Chorca Dhuibhne","provider_url":"https:\/\/www.oidhreacht.ie\/ga\/","title":"Nain (closleabhar) - Oidhreacht Chorca Dhuibhne","type":"rich","width":600,"height":338,"html":"<blockquote class=\"wp-embedded-content\" data-secret=\"G4HKab2iMH\"><a href=\"https:\/\/www.oidhreacht.ie\/ga\/product\/nain-closleabhar\/\">Nain (closleabhar)<\/a><\/blockquote><iframe sandbox=\"allow-scripts\" security=\"restricted\" src=\"https:\/\/www.oidhreacht.ie\/ga\/product\/nain-closleabhar\/embed\/#?secret=G4HKab2iMH\" width=\"600\" height=\"338\" title=\"&#8220;Nain (closleabhar)&#8221; &#8212; Oidhreacht Chorca Dhuibhne\" data-secret=\"G4HKab2iMH\" frameborder=\"0\" marginwidth=\"0\" marginheight=\"0\" scrolling=\"no\" class=\"wp-embedded-content\"><\/iframe><script>\n\/*! This file is auto-generated *\/\n!function(d,l){\"use strict\";l.querySelector&&d.addEventListener&&\"undefined\"!=typeof URL&&(d.wp=d.wp||{},d.wp.receiveEmbedMessage||(d.wp.receiveEmbedMessage=function(e){var t=e.data;if((t||t.secret||t.message||t.value)&&!\/[^a-zA-Z0-9]\/.test(t.secret)){for(var s,r,n,a=l.querySelectorAll('iframe[data-secret=\"'+t.secret+'\"]'),o=l.querySelectorAll('blockquote[data-secret=\"'+t.secret+'\"]'),c=new RegExp(\"^https?:$\",\"i\"),i=0;i<o.length;i++)o[i].style.display=\"none\";for(i=0;i<a.length;i++)s=a[i],e.source===s.contentWindow&&(s.removeAttribute(\"style\"),\"height\"===t.message?(1e3<(r=parseInt(t.value,10))?r=1e3:~~r<200&&(r=200),s.height=r):\"link\"===t.message&&(r=new URL(s.getAttribute(\"src\")),n=new URL(t.value),c.test(n.protocol))&&n.host===r.host&&l.activeElement===s&&(d.top.location.href=t.value))}},d.addEventListener(\"message\",d.wp.receiveEmbedMessage,!1),l.addEventListener(\"DOMContentLoaded\",function(){for(var e,t,s=l.querySelectorAll(\"iframe.wp-embedded-content\"),r=0;r<s.length;r++)(t=(e=s[r]).getAttribute(\"data-secret\"))||(t=Math.random().toString(36).substring(2,12),e.src+=\"#?secret=\"+t,e.setAttribute(\"data-secret\",t)),e.contentWindow.postMessage({message:\"ready\",secret:t},\"*\")},!1)))}(window,document);\n\/\/# sourceURL=https:\/\/www.oidhreacht.ie\/wp-includes\/js\/wp-embed.min.js\n<\/script>\n","thumbnail_url":"https:\/\/www.oidhreacht.ie\/wp-content\/uploads\/2023\/09\/nain.jpg","thumbnail_width":705,"thumbnail_height":1000,"description":"\u00c9ist le sampla anso:    Rugadh agus t\u00f3gadh\u00a0Nain, M\u00e1ir\u00edn U\u00ed Chathall\u00e1in ar Arda M\u00f3r, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarra\u00ed\u00a0i 1937.  \u00d3n l\u00e1 a phos s\u00ed, t\u00e1 s\u00ed ag maireachtaint ar an gCoim\u00edn, \u00e1it\u00edn ana bheag ina bhfuil timpeall 45 duine buailte f\u00fathu. N\u00edor fh\u00e1g s\u00ed \u00c9ire riamh. Caitheann s\u00ed an l\u00e1 anois, suite istigh, ag f\u00e9achaint amach ar Th\u00far Bhaile Dh\u00e1ith, ag \u00f3l fags, ag \u00e9isteacht le Raidi\u00f3 na Gaeltachta agus ag ithe p\u00e9 diabhal rud is maith l\u00e9i, ruda\u00ed m\u00edlse don gcuid is m\u00f3. 86 at\u00e1 s\u00ed. Is bre\u00e1 l\u00e9i muga\u00a0cocoa\u00a0gach aon o\u00edche agus barra seacl\u00e1ide\u00a0Yorkie\u00a0agus is bre\u00e1 l\u00e9i daoine a ghabh\u00e1il an tig chuici.\u00a0Tobar eolais agus seanchais is ea mo Nain-se, cloch c\u00fainne de dhuine, bean cro\u00ed m\u00f3ire, gr\u00e1mhar, f\u00e1ilteach, seoigh, l\u00e1n go barra do l\u00fabaireacht is do chraic, de chiall is de chomhairle faoin saol m\u00f3r.  Thosnaigh Sl\u00e1ine ag cur peann le p\u00e1r don leabhar seo in 2017 nuair a chuaigh s\u00ed i mbun blag faoina m\u00e1thair chr\u00edonna. Chuir s\u00ed s\u00edos sa bhlag ar eachtra\u00ed seoigh a thitfeadh amach di, ar a l\u00e9amh f\u00e9in ar shaol an lae inniu, ar n\u00f3s bainne soighe, n\u00e1 tuigeann s\u00ed conas nach ng\u00e9ara\u00edonn s\u00e9, n\u00f3 go dtachtach\u00a0avocado\u00a0t\u00fa, mar n\u00e1r thuig s\u00ed n\u00e1 hitear an chloch at\u00e1 ina l\u00e1r istigh! D'eascair sc\u00e9alta iontacha deisbh\u00e9ileacha faoina comharsain, Me\u00e1ig Mhicil, Se\u00e1n a' P\u00edpe, agus a thuilleadh nach iad as na cuairteanna laeth\u00fala a thug Sl\u00e1ine uirthi in imeacht na mbliain agus thosnaigh s\u00ed ag taifead m\u00f3r\u00e1n acu ar a guth\u00e1n. T\u00e1 na sc\u00e9alta fite fuaite tr\u00edd an leabhar seo agus t\u00e1 gonntacht na Gaolainne agus saibhreas teangan thar na bearta ann.\u00a0T\u00e1 mion-\u00e9achtaint sa leabhar, ar an saol laeth\u00fail ar Arda M\u00f3r \u00f3 na 30id\u00ed i leith \u00f3 thaobh an tsocha\u00ed agus na siamsa\u00edochta, na both\u00e1nta\u00edochta agus na hoibre.\u00a0T\u00e1 idir shean agus nua ann, greann agus gruaim, comhairle agus leigheas, seanfhocail is paidreacha, d\u00e1nta is duanta.  T\u00e1 c\u00f3na\u00ed ar an \u00fadar, Sl\u00e1ine N\u00ed Chathall\u00e1in i bPar\u00f3iste na Cille, i gCorca Dhuibhne agus n\u00ed fh\u00e1gfadh s\u00ed ar \u00f3r na cruinne mar is ann, dar l\u00e9i, at\u00e1 an pobal daoine is fearr, is fuinni\u00fala agus is deise ar thalamh na h\u00c9ireann. Craolt\u00f3ir is ea \u00ed le RT\u00c9 Raidi\u00f3 na Gaeltachta i mBaile na nGall. Aisteoir, Amhr\u00e1na\u00ed agus duine go bhfuil cion ar leith aici ar bhrocair\u00ed rua. N\u00edl aon n\u00ed n\u00edos fearr l\u00e9i ar domhan n\u00e1 a bheith amuigh ag si\u00fal lena madra, ag caint is ag cadr\u00e1il leis na comharsain ina teanga d\u00fachais.  Ceannaigh ar Spotify"}