Ardaigh an Laiste

10.00

ISBN 9780906 096 215

Amhráin agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad a rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus ag Páidí Mhárthain Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí.  Leanann seo Sicín Mise go Sona Sásta a d’eisigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis na hamhránaithe céanna sa bhliain 2014.  Áis í seo do Chuairteoirí Baile de chuid Tús Maith, Scéim Tacaíochta Teanga do thuismitheoirí Gaeltachta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí agus do Chúntóirí Teanga i mbunscoileanna Chorca Dhuibhne.  Deineadh an t-ábhar a thaifead le maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.  Buíochas le Donogh Hennessy a bhí i mbun taifid agus tionlacain ar an ndlúthdhiosca.  Ba é Dómhnal Ó Bric, Dún Chaoin, Co. Chiarraí a bhí i mbun ealaíne agus Feargal Mac Amhlaoibh, Inné Teo., Dún Chaoin, Co. Chiarraí an dearthóir.  Allmedia a chuir i gcló.  Orlaith Ruiséal (Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne) a chomhordaigh an togra.

Additional information

Weight 0.3 kg