Órchiste Nollag Don Aos Óg

15.00

Órchiste Nollag Don Aos Óg

Seo leabhar gleoite lán d’áthas don aos óg aimsir na Nollag, agus i rith na bliana ar fad. Anseo tá Scéal na Nollag ó thús, bunchloch na n-iontaisí. An oidhreacht iontach, an traidisiún idir dhúchas agus iasacht ar dhein ár muintir a gcuid féin de i gcónaí agus riamh ó theacht na Críostaíochta.

Léirítear an scóp a bhíonn agus a bhíodh ar dhaoine ag déanamh suas ar an Nollaig, sceitimíní na bpáistí ag súil le Daidí na Nollag, maisiú na dtithe, Lá Nollag féin, agus ansin an scléip agus an t-ardú croí a bhaineann le Lá an Dreoilín.

Tá súil agam go gcuirfidh na sleachta gleoite atá roghnaithe daoibh scóp agus áthas oraibh i rith na Nollag agus i rith na bliana; agus go dtabharfaidh siad dóchas agus sólás daoibh agus sibh ag comóradh agus ag ceiliúradh na féile beannaithe seo.

Máirín Uí Shé a thiomsaigh agus a chuir in eagar.
Foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne 2021

Additional information

Weight 1.105 kg