Bíonn go leor tograí ar bun ag OIdhreacht Chorca Dhuibhne chun deiseanna a chruthú do pháistí óga, déagóirí agus an pobal i gcoiteann, páirt a ghlacadh sna healaíon dúchasacha. Faightear maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meáin Ealaín na Gaeltachta go príomha chun na tograi seo a chur chunn cin inár scoileanna agus sa phobal. Déantar iarratais eile nuair a thagann deiseanna chun cinn i rith na bliana chomh maith.

Tá an tádh orainn anseo i gCorca Dhuibhne go bhfuil an oiread amhránaithe sean-nóis aitheanta, rinceoirí, scríbhneoirí, scéalaithe, agus ealaíontoirí inár measc a bhíonn toilteanach a mbua a roinnt agus a mhúineadh do pháistí óga sna csoileanna agus do dhéagóigí sna hiarbhunscoileanna anseo i gCorca Dhuibhne.