Is taispeántas ealaíne pobail í an Fhéile Ealaíne  ar cuireadh tús léithe i Scoil Dhún Chaoin siar sa mbliain 1974. Cuid de thraidisiún ealaíne Chorca Dhuibhne anois é an taispeántas ealaíne bliantúil a reáchtáltar d’ealaíontóirí an cheantair agus ó lasmuigh de Chorca Dhuibhne.

Bíonn gach aon ealaíontóir is a mheán féin aige lena phictiúir a chur fé bhráid lucht féachana – péintéireacht, dealbhóireacht, criadóireacht agus go leor eile nach iad.

Taispeántas na Cásca 2024