Is taispeántas ealaíne pobail é an Féile Ealaíne ar cuireadh tús leis i Scoil Dhún Chaoin siar in 1974. Cuid de thraidisiún ealaíne Chorca Dhuibhne anois í an taispeántas ealaíne bliantúil a reáchtáltar d’ealaíontóirí an cheantair agus ó lasmuigh de Chorca Dhuibhne.

Bíonn gach aon ealaíontóir is a mheán féin aige lena phictiúir a chur fé bhráid lucht féachana – péintéireacht, dealbhóireacht, criadóireacht agus go leor eile nach iad.

Beidh breis eolais ag teacht go luath faoi thaispéantas 2021!