Is i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a thosaigh an Scéim seo an chéad lá, de bharr gur aithnigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne an ghá a bhí le tacaíocht breise teangan a chur ar fáil do roinnt pháistí i scoil áitiúil. Fostaíodh Cúntóir Teanga agus is as seo a leathnaigh an Scéim ina dhiaidh sin.
Is í Oidhreacht Chorca Dhuibhne a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga i ngach scoil Gaeltachta i gCúige Mumhan thar cheann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meáin.
![An Cuntoir](https://www.oidhreacht.ie/wp-content/uploads/2021/05/classroom-children.jpg)
![](https://www.oidhreacht.ie/wp-content/uploads/2020/02/an-cuntoir.jpg)