Tháinig Tús Maith ar an saol sa bhliain 2005 mar thoradh  ar Thuarascáil Taighde Tógáil clainne le Gaelainn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne  a dhein Caitríona Ní Chathail ó OCD i gcomhair le DIT.

Bhí sé soiléir as san go raibh  géargá le heolas, tacaíocht agus comhairle sa phobal ó thaobh na teangan de.   Bhí ceann tógtha ag na cúntóirí  teangan go raibh go leor leanaí ag teacht chun na scoile gan aon Ghaelainn . Do chreid OCD go láidir an méid a bhí le rá ag Joshua Fishman.”Is ar an teaghlach a bhraitheann todhchaí na teangan” agus bunaíodh scéim na gCuairteanna Baile.

Tá na Cuairteanna Baile faoi lán tseoil ó shin ag freastal orthu siúd atá ag tógaint a gclann le Gaelainn chomh maith leo siúd atá ag déanamh iarrachtaí leis an Gaelainn.

Bíonn Cuairteanna Baile, Rógairí Beaga(Grúpaí Sugartha), Drámaíocht, Ranganna Cócaireachta, Ranganna Ealaíone, Ranganna Ceoil, Scoileanna Foraoise agus go leor eile ar siúl ag Tús Maith mar thacaíocht do chlainn ar a dturas teangan.

Tús Maith
Túus Maith!

Fe láthair tá scéim Thús Maith ag feidhmiú i gCiarrai Thiar agus Theas. Taimíd ag súil é a leathnú amach ar fud Cúige Mumhan amach anseo.