Tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne tar éis a bheith bainteach leis an dtogra seo le os cionn trí bliana anuas, i gcomhair le tíortha eile Eorapacha, agus a bhí comhaoinithe ag Clár Erasmus + an Aontais Eorpaigh. Mar chuid den dtogra seo, d’fhreastail baill foirne do chuid na hOihreachta agus roinnt d’fhoireann teagaisc na Pobalscoile ar sheisiúin traenála i dtíortha na hEorpa a bhí bainteach leis an dtogra. Ba i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a rinneadh an clár a thástáil agus a iniúchadh thar tréimhse an togra féin. Gaibhimid buíochas le Príomhoide na Pobalscoile agus leis an bhfoireann a ghlac pairt ghníomhach sa togra ó thús deireadh.

Is é atá i gceist le Mórtas Áite ná an pobal a bheith bródúil as an gceantar ina maireann siad nó as an gceantar gurb as dóibh ó dhúchas. Braitheann daoine go bhfuil ceangal láidir acu leis an áit dhúchais agus leis an aicme daoine a mhaireann ann. Ceangal mothúchánach é sin agus tugann san féiniúlacht dóibh. Cuid bhunúsach den mhórtas áite a fhorbairt ná an teagasc fén oidhreacht chultúrtha áitiúil.

Is é a cheaptar ná go gcuirfidh sé sin leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an ionchuimsiú sóisialta má tá inimirce chun an cheantair, le rannpháirtíocht sa phobal agus go ndéanfaidh sé leas an phobail i gcoitinne i gceantracha tuaithe.

Cuirtear ar fáil anseo, Curraclam a bheadh oiriúnach d’ardranganna na bunscoile agus do gach bliain sna h-iarbhunscoileanna. Tá an Curraclam seo oiriúnach le sníomh isteach in ábhair scoile chun an suim ina gceantar féin a mhúscailt agus a chothú sna daltaí.