Chomh maith leis na siúlóidí seo tá cúig cinn de mhapaí/bhileoga forbartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tamall de bhlianta anuas.  Siúlóidí iad seo ar féidir leis an nduine aonair a dhéanamh ach treoracha a fháil lasmuigh de Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus an mapa a bhailiú i Músaem Chorca Dhuibhne nó in oifigí Chomharchumainn Forbartha Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh.  Tosnaíonn na siúlóidí seo amach ó Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus cuirtear daoine i dtreo chuid desna láithreacha seandálaíochta agus stairiúla is cáiliúla i gceantar Bhaile an Fheirtéaraigh in Iarthar Dhuibhneach.  Gheobhair mapaí desna siúlóidí seo a leanas fé iamh:

Dearadh/Design:Dómhnal Ó Bric
http://domhnalobric.com/

Más suim leat Cúrsa Gaeilge, Siúlóidí & Oidhreachta a dhéanamh le hOidhreacht Chorca Dhuibhne téir i dteagmháil le hOidhreacht Chorca Dhuibhne ag [email protected] chun tuilleadh eolais a fháil ar chúrsa siúlóidí deireadh seachtaine i mí na Bealtaine agus i mí Dheireadh Fomhair.  Tá clár samplach fé iamh.