1. Bíodh buataisí siúil láidre ort, greim bídh le n-ithe agus braon le n-ól agat id mhála chomh maith le cóta báistí, lámhainní agus caipín.
  2. Más siúlóid fhada í, tabhair leat deoch the, greim bídh breise, treabhsar eile agus péire stocaí tirim, léine thirim, guthán soghluaiste más féidir, tóirse, feadóg agus fearas garchabhrach.
  3. Coimeád an guthán soghluaiste múchta agus tú ag siúl.
  4. Bíodh mapa agus compás agat agus bí ábalta ar iad a úsáid, más gá.
  5. Lean treoir ar bith a gheobhair ón dtreoraí. Ná téir ar a aghaidh amach.  Fan leis an ngrúpa i gcónaí.
  6. Talamh príobháideach – bí cáiréiseach. Má bhíonn geata dúnta romhat dún i do dhiaidh é.
  7. Ná fág ach rian do choise id’dhiaidh! Tabhair abhaile do chuid bruscair – páipéar, plaisteach, craicinn srl
  8. Páirceáil – bí cinnte ná loiceann tú i slí feirmeora ná tithe príobháideacha eile.
  9. Tabhair do thacaíocht do lucht gnó áitiúil – ceannaigh greim bídh sa tsiopa nó go háitiúil.
  10. Cuir glaoch ar 999 nó 112 i gcás éigeandála