Mar eolas

Socruithe Taistil

Tá seirbhís bus ag Bus Éireann ó stáisiún traenach Thrá Lí chomh fada leis an nDaingean agus chomh fada le Baile an Fheirtéaraigh laethanta sa tseachtain. Ní bhíonn an tseirbhís sin ann ar an nDomhnach, áfach. Má tá síob uait ón nDaingean go Baile an Fheirtéaraigh cuir an méid sin in iúl do fhoireann na hoifige roimhré.

Sainchúrsaí Gaeilge

Cúrsaí Oiliúna Teanga 3/4/5 lá do Eagraisí/Ghrúpaí ar leith. téir i dteagmháil leis an oifig ag 066 91 56 100 nó cuir ríomhphost chuig [email protected]

Do gach éinne a bheidh rannpháirteach insna cúrsaí:

  • Dein éarlais/litir ríomhphost a sheoladh chuig oifig na hOidhreachta in am cuí chun do chúrsa a chur in áirithint nó dein d’áirithint ar líne. Ní mór seoladh iomlán a chur chugainn.
  • An dara cuid den dtáille le díol coicís roimh thús an chúrsa. Is féidir an méid seo a dhéanamh ar líne do Chúrsaí.
  • Is féidir an dara cuid den táille a dhíol anois ar an suíomh idirlíon sara dtagann tú ar an gcúrsa.
  • Leagfar costas lámhseála €2 ar an éarlais a dhíol led chárta creidmheasa ó 2016 amach.
  • Sa chás go ndéanfaidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne cúrsa a chur ar ceal ar chúiseanna éagsúla, seolfar an éarlais thar n-ais. Is fiú bróga siúil láidre a thabhairt agus tú ag teacht go Corca Dhuibhne chomh maith le héadach báistí dos na turasanna is na himeachtaí fén aer (An Blascaod Mór nó Cnoc Bréanainn nó Láithreacha Seandálaíochta
  • B’fhéidir go mbeidh costaisí breise eile le linn na gcúrsaí d’imeachtaí ar leith.
  • B’fhéidir go mbeidh costaisí breise eile le linn na gcúrsaí d’imeachtaí ar leith.
  • Más ceoltóir/amhránaí tú, beidh fáilte romhat an uirlis cheoil a bhreith leat ar an gcúrsa agus tú féin a chur in iúl d’oifigigh an chúrsa go luath.