Nain

18.00

Rugadh agus tógadh Nain, Máirín Uí Chathalláin ar Arda Mór, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí i 1937.

Ón lá a phos sí, tá sí ag maireachtaint ar an gCoimín, áitín ana bheag ina bhfuil timpeall 45 duine buailte fúthu. Níor fhág sí Eire riamh. Caitheann sí an lá anois, suite istigh, ag féachaint amach ar Thúr Bhaile Dháith, ag ól fags, ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus ag ithe pé diabhal rud is maith léi, rudaí mílse don gcuid is mó. 86 atá sí. Is breá léi muga cocoa gach aon oíche agus barra seacláide Yorkie agus is breá léi daoine a ghabháil an tig chuici. Tobar eolais agus seanchais is ea mo Nain-se, cloch cúinne de dhuine, bean croí móire, grámhar, fáilteach, seoigh, lán go barra do lúbaireacht is do chraic, de chiall is de chomhairle faoin saol mór.

Thosnaigh Sláine ag cur peann le pár don leabhar seo in 2017 nuair a chuaigh sí i mbun blag faoina máthair chríonna. Chuir sí síos sa bhlag ar eachtraí seoigh a thitfeadh amach di, ar a léamh féin ar shaol an lae inniu, ar nós bainne soighe, ná tuigeann sí conas nach ngéaraíonn sé, nó go dtachtach avocado tú, mar nár thuig sí ná hitear an chloch atá ina lár istigh! D’eascair scéalta iontacha deisbhéileacha faoina comharsain, Meáig Mhicil, Seán a’ Pípe, agus a thuilleadh nach iad as na cuairteanna laethúla a thug Sláine uirthi in imeacht na mbliain agus thosnaigh sí ag taifead mórán acu ar a guthán. Tá na scéalta fite fuaite tríd an leabhar seo agus tá gonntacht na Gaolainne agus saibhreas teangan thar na bearta ann. Tá mion-éachtaint sa leabhar, ar an saol laethúil ar Arda Mór ó na 30idí i leith ó thaobh an tsochaí agus na siamsaíochta, na bothántaíochta agus na hoibre. Tá idir shean agus nua ann, greann agus gruaim, comhairle agus leigheas, seanfhocail is paidreacha, dánta is duanta.

Tá cónaí ar an údar, Sláine Ní Chathalláin i bParóiste na Cille, i gCorca Dhuibhne agus ní fhágfadh sí ar ór na cruinne mar is ann, dar léi, atá an pobal daoine is fearr, is fuinniúla agus is deise ar thalamh na hÉireann. Craoltóir is ea í le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall. Aisteoir, Amhránaí agus duine go bhfuil cion ar leith aici ar bhrocairí rua. Níl aon ní níos fearr léi ar domhan ná a bheith amuigh ag siúl lena madra, ag caint is ag cadráil leis na comharsain ina teanga dúchais.

Additional information

Weight 0.5 kg