Órchiste Nollag

25.00

Órchiste NollagAnseo tá Scéal na Nollag ó thús, bunchloch na n-iontaisí. An oidhreacht iontach, an traidisiún idir dhúchas agus iasacht ar dhein ár muintir a gcuid féin de i gcónaí agus riamh ó theacht na Críostaíochta.

Tá a lán san Órchiste seo. Scéalta, carúil, dánta, nósanna, cín lae, cuimhní cinn, ealaín agus seanfhocail, a bhaineann leis an tráth beannaithe seo. Chomh maith leis sin tá scéalta beaga deasa agus rainn do pháistí agus pictiúir tríd an leabhar. Tugtar léargas dúinn ar thraidisiún na Nollag ar an mBlascaod Mór, agus an fothragadh agus an callshaoth a bhain le turas a thabhairt ar an míntír chun lón na Nollag thabhairt abhaile leo le linn drochaimsire. Léirítear an scóp a bhíonn agus a bhíodh ar dhaoine ag déanamh suas ar an Nollaig, sceitimíní na bpáistí ag súil le Daidí na Nollag, maisiú na dtithe, Lá Nollag féin, agus ansin an scléip agus an t-ardú croí a bhaineann le Lá an Dreoilín. Is liosta le háireamh iad na húdair a bhfuil píosaí agus sleachta leo sa leabhar seo, idir phrós agus fhilíocht. Ina measc tá Pádraig Ó Fiannachta, Tomás Ó Criomhthain, Breandán Ó hEithir, Caoimhín Ó Cinnéide, Máirtín Ó Direáin agus a lán eile. Tá rud éigin do gach duine sa leabhar seo. Máirín Uí Shé a dhein comhordú ar an gcnuasach Nollag seo.

Out of stock

Additional information

Weight 1.105 kg