ORLA UAN (2015)

10.00

Scéal do Leanaí ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne

ISBN: 9780906096208

“Uainín beag gleoite atá ábalta labhairt is ea Orla Uan.  Éist léithe, bí léithe agus í ag imirt agus ag labhairt Gaelainne ar Chruach Mhárthain”.  Sin mar a chuireann údar an scéil, Eibhlín Uí Iarlaithe, síos ar Orla Uan ina leabhar ar eachtraí Orla is a cara Ruairí ar Chruach Mhárthain i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí.  Seo é an chéad leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín.  Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí.  Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht, de bharr breoiteachta, sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin.  Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010), iad araon foilsithe ag Coiscéim.  Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith.  Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric.  Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar.  Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra.

Orla Uan is the story of a lamb who befriends a young boy called Ruairí from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry.  It is the first book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Ruairí and his friend, Orla the lamb.  Eibhlín, a former primary school teacher is also the author of two poetry books for children, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010). 

Additional information

Weight 0.5 kg