Scéilín ó Bhéilín Scéalta Traidisiúnta don Aos Óg 12 Scéal ar Dhlúthdhiosca & Tionlacan Ceoil (2003)

20.00

Roibeard Ó Cathasaigh a stiúraigh is a chuir in eagar.
ISBN 0-906096-10-3

As cló / Out of Print

Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar leis:
An tAonad Forbartha Curaclaim,
Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Luimneach.

Scéalta ón dtraidisiún béil don aos óg á n-insint ag trí ghlúin de mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne atá ar an CD sa leabhar seo agus tionlacan ceoil ag gabháil leo. Tá roinnt de mhórscéalta Chorca Dhuibhne ar nós An Dá Chruitíneach, Naomh Cuán agus an Phiast agus Cathair Conraoi ann. Tá gluais is nótaí ar chúlra na scéalta ann maraon le maisiú ildaite le Dómhnal Ó Bric, chomh maith le modheolaíocht na scéaltóireachta don aos óg. Tá guth an scéaltóra thraidisiúnta ó Dhún Chaoin, Cáit ‘an Bhab’ Feiritéar le clos ar sé cinn desna rianta agus is é an ceoltóir clúiteach Stiofán Ó Cuanaigh an léiritheoir ceoil. Tá poirt de chuid an bhailitheora cheoil James Goodman le clos ar feadh na huaire, le cead ó Choláiste na Trionóide.
Traditional and well known stories for younger listeners, set to music and narrated by three generations of storytellers from Corca Dhuibhne or the Dingle Peninsula. Highlights include the voice of Cáit ‘an Bhab’ Feiritéar, the noted storyteller from Dún Chaoin, Co. Kerry and tunes from the collection of James Goodman The CD and illustrated text of stories is accompanied by a glossary, background and teachers’ notes.

as stoc

Additional information

Weight 0.5 kg