Mapa Chnoc Bhréanainn

25.00

Meitheal oibre ina raibh Domhnall Mac Síthigh, Dómhnal Ó Bric, Feargal Mac Amhlaoibh agus Caitríona Ní Chathail, fé stiúir Mháirín Uí Shé a chuir Mapa Chnoc Bhréanainn le chéile in 2015. Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhoilsigh. Táthar buíoch ach go háirithe dosna húinéirí talún agus na feirmeoirí a roinn a gcuid eolais go fial ar bhaill na meithle, agus don gComhairle Oidhreachta, d’Údarás na Gaeltachta, do Ghearóid Ó Brosnacháin, do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne a mhaoinigh an togra. “Agus mé ag gabháilt trí Bhailiúchán na Scol chonac go raibh logainmneacha an pharóiste, idir ghoirt, bhóithre, thoibreacha, aillte agus chnoic bailithe ag daltaí Scoil Naomh Breandán an Chuasa idir 1937-1938, fé stiúir na múinteoirí Tadhg Ó Caomháin agus Eibhlín Bn. Uí Chinnéide. Tá na daoine a thug an t-eolas sin ar shlí na fírinne agus a bhformhór mór desna bailitheoirí, beannacht Dé leo. Thuigeas go raibh an rud céanna ar siúl agam fhéin, agus ag na daltaí a bhí fé mo chúram i Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh le fiche bliain, mar obair bhaile. Bhí sé in am iad a chaomhnú agus iad a chur ar mhapa.” Máirín Uí Shé

Additional information

Weight 0.3 kg