Orla Uan agus na Spideoga

10.00

ISBN: 978-1-9998927-0-8

“Tá Orla Uan ar ais chugainn uair amháin eile agus an babhta seo éalaíonn sí féin agus a cara Caoimhe Uan ón ngort ar shleasa Chruach Mhárthain. Buaileann siad beirt leis na spideoga ar a dtaisteal dóibh agus baineann amach nead na spideog” Seo é an tríú leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín. Rugadh Eibhlín Ní Bheaglaoich (Uí Iarlaithe) i mBaile ‘n Chaladh, i bParóiste an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Thosnaigh sí ag scríobh tar éis di éirí as an múinteoireacht sa bhliain 2001 agus tá sí ag scríobh ó shin. Tá dhá leabhar filíochta scríte aici, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010), iad araon foilsithe ag Coiscéim. Cumann Eibhlín amhráin, lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric. Feargal Mac Amhlaoibh a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra. An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a mhaoinigh.

Orla Uan is the story of a lamb from the area of Cruach Mhárthain in the Irish speaking area of Ballyferriter in west Kerry. It is the third book in a series of stories by local author Eibhlín Uí Iarlaithe about the adventures of Orla the lamb. This time around Orla Uan and her friend Caoimhe Uan meet with the robin family, having escaped from their pasture at the foot of Cruach Mhárthain. Eibhlín, a former primary school teacher is also the author of two poetry books for children, Na Buataisí Buí (2009) agus Mo Ghúna Síoda Buí (2010).

Additional information

Weight 0.5 kg