Orla Uan ar an bhFarraige

10.00

Seo é an cúigiú leabhar sa tsraith Orla Uan ó pheann Eibhlín Uí Iarlaithe. Amach ar an bhfarraige a théann Orla Uan agus a cairde an turas seo. Éist léithe, bí léithe agus í amuigh i mbáidín dearg i gCuan Ard na Caithne. Eibhlín a dheineann an scéal a insint ar an ndlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar álainn seo a mhaisigh Dómhnal Ó Bric.

Daire Ó Beaglaoich a dhear an leabhar. Donogh Hennessy a dhein an taifead agus Orlaith Ruiséal, Tús Maith & Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chomhordaigh an togra. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán chomh maith leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a mhaoinigh.

Additional information

Weight 0.5 kg